Oideachas

Grianghraf le caoinchead ó Scoil Náisiúnta ag Foghlaim le Chéile Portobello.
Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena n-áirítear:
  • OSSP (léirthuiscint dár n-imshaol)
  • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnaitheachta a fhorbairt)
  • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)

Tá bileoga oibre ar fáil do mhodúil bhunscoile; téigh i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh sonraí.

Is féidir cuairt ar Pháirc Fhaiche Stiabhna a úsáid freisin chun tacú le gnéithe de churaclam na hArdteistiméireachta.

Tá stair shóisialta agus chultúrtha, agus Bitheolaíocht (luibheolaíocht) agus Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta an-ábhartha.

Íoslódáil

Treoir do na Séadchomharthaí i bPáirc Fhaiche Stiabhna.
Spreagann an chonair seo na páistí le haithne a chur ar an bhFaiche agus bheith ag foghlaim agus ag fiosrú le linn a gcuairte.

Cuirimid ceardlanna ar fáil ó am go ham do pháistí le linn laethanta saoire scoile agus le linn Sheachtain na hOidhreachta. Breathnaigh ar an suíomh idirlín nó téigh i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh sonraí.

Ba mhór againn freisin cabhrú le scoláirí atá i mbun taighde ar stair áitiúil, ar ghairneoireacht, agus ar ailtireacht.