Flóra agus Fána

Tá tírdhreach na páirce sa lá atá inniu ann mórán cosúil le dearadh Victeoiriach na páirce a choimisiúnaigh an Tiarna Ardilaun in 1880. Tá limistéar foirmiúil i lár na páirce ina bhfuil cosáin agus faichí i bpatrún siméadrach; tá dhá scairdeán eibhir mar bhuaic ina lár siúd. Tá neart ceapacha bláthanna Victeoiriacha lonnaithe thart ar limistéar láir na páirce a bhíonn lán le linn an tséasúir fásta ar fad le taispeántais ildaite de phlandaí ceapaí, tiúilipí, croibh fola, lusanna an bhalla, agus peatúiniacha, i measc neart eile. Gné choitianta i bpáirceanna Victeoiriacha ar nós Fhaiche Stiabhna iad na ciumhsóga bláthanna, a fheictear in aice le geata Shráid Líosain, agus a bhíonn i mbarr a réime ó lár an tsamhraidh ar aghaidh.

Tá an loch ar cheann de na gnéithe is suntasaí sa pháirc, agus eas agus oileán ina lár. Tá na crainn agus na plandaí eile thart ar an loch aibí anois, a mhaolaíonn cuma an locha, agus is beag fianaise atá ann níos mó gur tógadh an loch an chéad lá riamh. Gnáthóg é an loch do mhórán éin uisce, lena n-áirítear lachain mhallaird, ealaí agus cearca uisce, agus go leor speiceas éin agus éisc. I measc na ngnéithe suntasacha eile sa pháirc tá an Gairdín Portaigh, an Gairdín do na Daill (ina bhfuil toir agus luibheanna a bhfuil boladh láidir uathu agus a bhfuil lipéid i mBraille leo), an Clós Súgartha, agus an tArdán Banna Ceoil.

Tá os cionn 750 crann sa pháirc. Cuireadh go leor crann ar imeall na faiche chun an pháirc a chosaint ón truailliú torainn agus aeir ón gcathair. Cuireadh plána Londan ar fud na páirce, mar go bhfuil sé go maith in ann don truailliú aeir. Tá traidisiún fada ag seiceamair sa pháirc; ba é an seiceamar an chéad chineál crainn a cuireadh ann sa seachtú haois déag. Cuireadh crainn teile ar dhá thaobh cosáin fhoirmiúil feadh theorainn thuaidh na páirce. I measc na gcrann eile a fhaightear go forleathan sa pháirc tá dair thoilm, beith, cuileann, fuinseog shilte, sceach gheal, agus labhras.

Tá líon mór cineálacha éagsúla éan sa pháirc, lena n-áirítear éin uisce, éin chreiche, agus pasairigh. I measc na speiceas a fheictear anseo tá cíorbhuíonna, snaganna breac, spideoga agus dreoilíní. Tá cúig chineál éan ar a laghad ina gcónaí i bPáirc Fhaiche Stiabhna a bhfuil imní caomhnaithe ina leith in Éirinn. Baineann trí cinn díobh seo le fine na bhfaoileán; is iad an eala bhalbh agus an lacha bhadánach an péire eile.

Leabharliosta

  • Hutchinson, Clive D. The Birds of Dublin and Wicklow (1975)
  • Moriarty, Christopher. Exploring Dublin: Wildlife, Parks, Waterways (1997)
  • Wyse Jackson, Peter and Sheehy Skeffington, Micheline. Flora of Inner Dublin (1984)

Íoslódáil

Daonra Crann Pháirc Fhaiche Stiabhna

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Íoslódáil

Tuarascáil na nÉan le haghaidh Pháirc Fhaiche Stiabhna in 2012

Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt go bhfuil Bratach Ghlas buaite ag Páirc Fhaiche Stiabhna le haghaidh 2015! Aithníonn agus spreagann duaiseanna na Brataí Glaise, a riarann An Taisce i bPoblacht na hÉireann, soláthar páirceanna agus spásanna gorma ar ardchaighdeán a bhainistítear ar bhealaí atá inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de.

“Tá an Bhratach Ghlas bunriachtanach do spás atá chomh híocónach seo. Tá an Bhratach Ghlas an-tábhachtach mar go leagann sé síos ardchaighdeán do gach páirc, caighdeán a mbeidh gach duine atá páirteach sa chothabháil agus sa bhainistíocht ag obair ina threo. Cuireann sé dea-theachtaireacht chuig an bpobal agus chuig an bhfoireann go bhfuil ardchaighdeán á bhaint amach againn.
– Príomh-Stiúrthóir na Páirce, Margaret Gormley