An Oidhreacht Chultúrtha

Coimín Riascach

Tagann an t-ainm Faiche Stiabhna ó shéipéal San Stiabhna a bhí sa cheantar sin sa tríú haois déag. Bhain ospidéal do na lobhair leis an séipéal. Thart ar an am sin ba choimín riascach an ceantar, a shín chomh fada leis an Dothra, agus d’úsáideadh saoránaigh na cathrach é mar thalamh féaraigh dá n-eallach.

Sa bhliain 1663 chinn Comhthionól na Cathrach go bhféadfaí an talamh sin a úsáid chun ioncam a thuilleamh don chathair agus leagadh amach achar lárnach 27 acra a shonraigh teorainn na páirce, agus scaoileadh an talamh eile amach mar 90 suíomh tógála. Bhí an cíos a gheofaí le húsáid chun ballaí agus pábháil a thógáil thart ar an bhFaiche. Chomh maith leis sin, bhí ar gach tionónta sé chrann seiceamair a chur in aice leis an mballa, chomh roinnt príobháideachais a chruthú laistigh den pháirc. Fostaíodh na chéad gharraíodóirí íoctha i 1670 chun aire a thabhairt don pháirc.

“That no parsel of the Greenes or commons of the city shall henceforth be lett, but wholie kept for the use of the citizens and others to walke and take open aire, by this reason this cittie is at present groweing very populous…”

– Dlí 1635 de chuid Chomhthionól na Cathrach.

Lárionad do Thaispeántais Faisin

D’éirigh an Fhaiche thar a bheith faiseanta san ochtú haois déag, mar gheall ar oscailt Shráid Grafton i 1708 agus Shráid Dhásain i 1723 den chuid is mó, agus mar gheall freisin ar thógáil réadmhaoine a raibh an-éileamh orthu sa cheantar seo agus thart air. Bhíodh an-tóir ag lucht an rachmais ar dhul ag spaisteoireacht ar Chosán Beaux feadh theorainn thuaidh na páirce. Déanann Treoir Lewis do Bhaile Átha Cliath ó 1787 cur síos ar Chosán Beaux mar ionad galántachta agus breithiúnais. I measc na gcosán eile sa pháirc bhí an Cosán Francach feadh theorainn thiar na páirce, agus Cosán Monk agus Cosán Líosain feadh theorainn thoir agus theas na páirce faoi seach.

Áit Phríobháideach

Faoin naoú haois déag bhí an pháirc tar éis dul in olcas an oiread sin go raibh an balla lasmuigh briste agus bhí droch-chaoi ar chuid mhór de na crainn timpeall na páirce. Cuireadh coimisinéirí a rinne ionadaíocht ar chinn tí áitiúla i gceannas ar an bpáirc in 1814. Chuir siad ráillí ornáideacha Victeoiriacha in áit an bhalla bhriste agus thosaigh siad ag cur níos mó crann agus tor sa pháirc. Tógadh cosáin nua freisin in áit na gcosán foirmiúil a bhíodh sa pháirc. Ach mar gheall ar na feabhsúcháin seo, rinneadh páirc phríobháideach den Fhaiche agus ní raibh cead isteach ach acu siúd a fuair eochair ar cíos ón gCoimisiún, d’ainneoin dhlí 1635 a d’achtaigh go mbeadh an pháirc ar fáil lena húsáid ag gach saoránach. B’olc leis an bpobal é seo.

Léigh Tuilleadh

Ríshliocht Ardilaun ar The Peerage.

Bronntanas an Tiarna Ardilaun do Mhuintir na Cathrach

D’fhás Sir Arthur Guinness, ar ar tugadh an Tiarna Ardilaun níos déanaí, aníos i dTeach Uíbh Eachach ar Fhaiche Stiabhna. Bhí an-chlú ar a mhuintir as a bhflaithiúlacht le muintir Bhaile Átha Cliath. Thairg Sir Arthur an Fhaiche a cheannach ón gCoimisiún in 1877 agus í a thabhairt ar ais don phobal. D’íoc sé fiacha na páirce agus dhaingnigh sé Acht a chinntigh gurb iad Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí, Oifig na nOibreacha Poiblí anois, a dhéanfadh bainistiú ar an bpáirc.

Ba é an chéad chuspóir eile a bhí ag Sir Arthur an pháirc a thírdhreachtú, agus tearmann síochánta agus suaimhneach a chur ar fáil don chathair. Ghlac sé páirt ghníomhach i ndearadh na páirce athfhorbartha, agus deirtear gurb é a mhol go leor de ghnéithe na páirce. Ba iad na príomhghnéithe den pháirc athfhorbartha loch trí acra le heas, obair chloiche Pulham a cuireadh le chéile go hálainn, agus droichead, chomh maith le ceapacha foirmiúla bláthanna agus scairdeáin. Dearadh lóiste an stiúrthóra le foscaí Eilvéiseacha. Meastar gur chosain athfhorbairt na páirce £20,000.

I ndiaidh trí bliana fada d’obair thógála, agus gan searmanas foirmiúil ar bith, athosclaíodh geataí na páirce an 27 Iúil 1880, a chuir ríméad ar phobal Bhaile Átha Cliath.

“The picture is a truly delightful one and cannot fail to impress every visitor to the Green with the incalculable benefits which such an oasis must bestow on the city and its people.”

– The Daily Express, 28 Iúil 1880.

Íoslódáil

Durability Guaranteed: Pulhamite Rockwork, its Conservation and Repairleabhrán ó English Heritage.

Éirí Amach na Cásca

Luan Cásca 1916 rinne Arm Cathartha na hÉireann iarracht cumhachtaí rialaithe na Breataine i mBaile Átha Cliath a chur as cumhacht, trí smacht a fháil ar shuíomhanna ar fud na cathrach a raibh tábhacht straitéiseach leo.

Ghabh ceannaircigh faoi cheannas Mhíchíl Uí Mhealláin agus na Cuntaoise Markiewicz smacht ar Fhaiche Stiabhna. Rinneadh trinsí a thochailt thart ar imeall na páirce, agus úsáideadh an teach gloine mar ionad garchabhrach. Is féidir fianaise ar an trodaíocht a fheiceáil fós ar Áirse na bhFiúsailéirí ag an mbealach isteach ag iarthuaisceart na páirce – poill ó philéir na dtrodaithe.

Léigh Tuilleadh

‘St Stephen’s Green and 1916′ ar thaispeántas ar líne Leabharlann Náisiúnta na hÉireann The 1916 Rising: Personalities and Perspectives.

Leabharliosta

  • McCabe, Desmond. St Stephen’s Green Dublin, 1660-1875 (2011)
  • Craig, Maurice. Dublin 1660-1860 (1952)
  • Fagan, Patrick. The second city: portrait of Dublin 1700-1760 (1986)
  • Guinness, Michele. The Guinness Spirit: brewers and bankers, ministers and missionaries (1956)
  • Kealy, Loughlin. The Georgian Squares of Dublin: an architectural history (2007)

Íoslódáil

Treoir do na Séadchomharthaí i bPáirc Fhaiche Stiabhna.

Áirse na bhFiúsailéirí

Áirse na bhFiúsailéirí

Tiomnaithe de na baill d’Fhiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath a throid agus a bhásaigh i nDara Cogadh na mBórach. Tógadh í sa bhliain 1907. 

Jeremiah O'Donovan Rossa (1831-1915)

Jeremiah O’Donovan Rossa (1831-1915)

Ba í óráid Phádraig Mhic Phiarais (“Ireland unfree shall never be at peace”) ag sochraid O’Donovan Rossa a spreag an mothú náisiúnach arbh é Éirí Amach na Cásca an toradh a bhí air. 

Robert Emmet (1778-1803)

Robert Emmet (1778-1803)

Ba é Emmet ceannaire Éirí Amach 1803 i gcoinne riail na Breataine in Éirinn. Cuireadh chun báis é sa bhliain chéanna mar gheall ar an bpáirt a bhí aige san Éirí Amach. Tá an dealbh seo os comhair na háite ar rugadh é ar Fhaiche Stiabhna. 

An Tiarna Ardilaun (1840-1915)

An Tiarna Ardilaun (1840-1915)

Ba é Arthur Guinness, an 1ú Barún Ardilaun, a bhí freagrach as an bpáirc i bhFaiche Stiabhna a bheith bronnta ar shaoránaigh Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1880. 

William Butler Yeats (1865-1939)

William Butler Yeats (1865-1939)

Duine de na pearsana ba thábhachtaí i litríocht an fichiú haois. Bhuaigh sé Duais Nobel don Litríocht sa bhliain 1923. 

Louie Bennett agus Helen Chenevix

Louie Bennett agus Helen Chenevix

Sufraigéidí agus ceardchumannaithe de chuid na hÉireann ba ea an bheirt bhan seo. Bhunaigh siad Ceardchumann Oibrithe Ban na hÉireann le chéile.

Suíochán Maigdiléanach

Suíochán Maigdiléanach

Is é atá san inscríbhinn: “Do na mná a bhí ag obair sna neachtlanna Maigdiléanacha agus do na páistí a rugadh do chuid de na daoine sna pobail sin – déan do mhachnamh anseo ar a saol” (aistrithe ón mBéarla).

James Clarence Mangan (1803-1849)

James Clarence Mangan (1803-1849)

“To the soul of Clarence Mangan was tied the burning ribbon of Genius,” arsa Yeats. Ba é Dark Rosaleen an saothar ba mhó a tharraing cáil ar Mangan, file Éireannach.

James Joyce (1882-1941)

James Joyce (1882-1941)

Bhí Joyce ar dhuine de na scríbhneoirí ba mhó tionchar sa chéad chuid den fhichiú haois. Ulysses an saothar ba mhó a thuill clú agus cáil dó. Tá an dealbh bhrád seo de Joyce os comhair fhoirgneamh a alma mater

Rabindranath Tagore (1861-1941)

Rabindranath Tagore (1861-1941)

Is í an dealbh bhrád chré-umha seo an chéad séadchomhartha san Fhaiche de dhuine nach Éireannach é. Nochtadh é sa bhliain 2011, cothrom 150 bliain a bhreithe. B’fhile mór le rá ón India é Tagore agus bhuaigh sé Duais Nobel don Litríocht sa bhliain 1913. Ba náisiúnaí é agus ba dhlúthchara le Yeats é. 

Fianna Eireann

Fianna Éireann

Grúpa óige náisiúnach, cosúil leis na Gasóga, a raibh dlúthbhaint aige le hÓglaigh na hÉireann. Bhunaigh Bulmer Hobson agus Constance Markiewicz, i measc daoine eile, an grúpa seo i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1909. 

Triúr Bandéithe na Cinniúna

Triúr Bandéithe na Cinniúna

Dhear Joseph Wackerle an scairdeán cré-umha seo sa bhliain 1956 agus bhronn rialtas na Gearmáine ar Éirinn é. Comóireann sé Operation Shamrock, an tionscadal de chuid Chros Dhearg na hÉireann trínar athlonnaíodh na céadta páiste ón nGearmáin a bhí ag lorg dídine tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Constance Markiewicz (1868-1927)

Constance Markiewicz (1868-1927)

Ba Chuntaois, Leifteanant, sufraigéid agus sóisialaí í Markiewicz agus bhí sí go mór chun tosaigh sa ghluaiseacht náisiúnach. Ba í an leascheannaire í faoi Michael Mallin i gcaitheamh Éirí Amach 1916, agus choimeád sí Faiche Stiabhna. Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná ar domhan a toghadh chun Parlaiminte nuair a rinneadh Aire Saothair di in Éirinn sa bhliain 1919. 

Suíochán Cuimhneacháin Haslam

Suíochán Cuimhneacháin Haslam

Sa bhliain 1876 bhunaigh Anna agus Thomas Haslam an DWSA, an chéad chumann sufraigéidí i mBaile Átha Cliath. Tugadh an IWSLGA air níos déanaí. Trína gcuid oibre, bhunaigh siad gluaiseacht na sufraigéidí in Éirinn, rud a thug deis do ghníomhaithe níos déanaí bualadh le chéile agus spreagadh a fháil. In Olltoghchán na bliana 1918, bhí cead vótála ag mná os cionn 30 bliain d’aois den chéad uair. 

Thomas M. Kettle (1880-1916)

Thomas M. Kettle (1880-1916)

B’intleachtach agus polaiteoir mór é Tom Kettle i dtús an 20ú haois. Bhí sé ar son ghluaiseacht an Rialtais Dúchais, agus liostáil sé in Óglaigh na hÉireann. Nuair a bhris an Cogadh Mór amach, liostáil sé i reisimint Éireannach agus fuair sé bás ag an bhFronta Thiar sa bhliain 1916. 

Theobald Wolfe Tone (1763-1798)

Theobald Wolfe Tone (1763-1798)

Déantar ceiliúradh ar Wolfe Tone mar athair an Phoblachtachais in Éirinn. Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh na hÉireannaigh Aontaithe agus bhí sé ina cheannaire in Éirí Amach 1798. Is é Edward Delaney a dhealbhaigh é seo sa bhliain 1967 agus é ag úsáid teilgean cré-umha céarach caillte. 

Cuimhneachán an Ghorta

Cuimhneachán an Ghorta

Is é Edward Delaney a dhealbhaigh an cuimhneachán seo sa bhliain 1967 agus é ag úsáid teilgean cré-umha céarach caillte. Comóireann an cuimhneachán seo Gorta Mór 1845-50.