Pleanáil Cuairt
Uaireanta Oscailte
Bíonn Páirc Fhaiche Stiabhna oscailte ó cheann ceann na bliana.
Luan go Satharn: 7.30am – titim na hoíche.
Domhnach agus laethanta saoire poiblí: 9.30am – titim na hoíche.
Lá Nollag: 10am – 1pm.
Bíonn titim na hoíche ag an am seo de ghnáth: 4.30-6pm (Ean-Fea), 6.30-8.30pm (Márta-Aib), 9pm (Bealt-Iúil), 7-8.30pm (Lún-MFómh), 4-6.30pm (DFómh-Noll). Chun an t-am dúnta beacht ar aon lá faoi leith a fháil, téigh i dteagmháil linn le do thoil.
Suíomh
Tá Páirc Fhaiche Stiabhna lonnaithe i gCearnóg Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath 2. Tá an príomhbhealach isteach ag Áirse na bhFiúsailéirí, ag barr Shráid Grafton.
Taisteal
Freastalaíonn an chuid is mó de na busanna ar lár na cathrach, agus stopann siad gar do Pháirc Fhaiche Stiabhna. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Críochnaíonn líne ghlas na dtramanna Luas ag an bpáirc freisin; tuirling ag an stad ‘Faiche Stiabhna’.
Faiche Stiabhna
Faiche Stiabhna
Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.
Áiseanna
Tá limistéir ar leith sa chlós súgartha do pháistí beaga agus do pháistí níos sine. Bíonn an-tóir ag cuairteoirí óga ar na luascadáin, ar na sleamhnáin agus ar an timpeallán spraoi.
Tá comharthaí i mBraille sa Ghairdín do na Daill, agus tá plandaí a bhfuil boladh láidir uathu ann is féidir a láimhseáil.
Turais
Tá turais treoraithe speisialta ar fáil ach iad a iarraidh; téigh i dteagmháil linn mí amháin roimh ré ar a laghad. Scór duine ar a mhéad atá ceadaithe. Bíonn turais threoraithe ar ‘The Green Mile‘ ar fáil gach maidin Sathairn agus Domhnaigh ó Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath atá in aice láimhe.
Cuairt
Idir uair an chloig agus dhá uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an bpáirc.
Cead Isteach
Tá saorchead isteach sa pháirc.
Grianghrafadóireacht / Físeáin
Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála nó grianghrafadóireacht bhainise a dhéanamh.
Sa Cheantar Freisin
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath
Fad slí: 13m.
Breathnaigh ar an turas deireadh seachtaine a dhéanann siad sa Pháirc.
Ard-Mhúsaem na hÉireann: Seandálaíocht agus Eitneagrafaíocht
Fad slí: 300m.
Taisclann náisiúnta na nithe seandálaíochta ar fad a aimsítear in Éirinn.
Gairdíní Uíbh Eachach
Fad slí: 300m.
‘Gairdín Rúnda’ Bhaile Átha Cliath, tá stair trí chéad bliain ag baint leo.